Mar gheall ar chúinsí gan choinne, b’éigean imeacht ‘Tulsk History Society Remembers Percy French’ a bhí sceidealta don Domhnach, 13 Lúnasa a chur ar ceal. Is oth leis an gCumann go raibh orthu é seo a fhógairt ar ghearrfhógra agus gabhann leithscéal leo siúd a bhí i gceist a bheith i láthair. Tá súil ag an gCumann imeacht pobail a reáchtáil gan mhoill!