Bhí lá oscailte an-rathúil ag Cumann Staire na Tuilsce ar an Domhnach 21 Lúnasa seo caite. Tar éis dúinn a bheith mar aidhm againn, roinnt míonna amach, ár n-eolaire reilige a nochtadh le linn Sheachtain na hOidhreachta, d’éirigh linn ár spriocdháta a bhaint amach a bhuí le hobair chrua agus dícheall. Mar an gcéanna, ba léiriú é oscailt oifigiúil ár n-oifige ag Halla Macra, leis an taispeántas agus taispeántas sleamhnán leis, ar an obair atá THS ar bun ó bunaíodh muid i mí an Mhárta 2021.